← "Á anois, muna bhféadfaidh fear suí cois tine agus páipéar a léamh tar éis a lá oibre." 🔊✎
← "Ní rabhas chun é sin a rá. 🔊✎
← "Chun an suirbhé a dhéanamh, agus ísligh do ghlór nó dúiseoir an leanbh. 🔊✎
← "Ní raibh uaim ach an páipéar a léamh." 🔊✎
← An rud bocht, tá sí pósta le dhá bhliain, agus 'bhreá léi leanbh, ach an t-árasán atá acu ní lomhálfaidh an t-úinéir aon leanbh ann agus táid araon ag obair chun airgead tí a sholáthar mar anois tá leanbh chucu agus caithfidh siad a bheith amuigh as an árasán, agus níor mhaith leat go gcaillfeadh sí a post, ar mhaith? 🔊
← N'fhéadfainn an doras a dhúnadh sa phus uirthi, maidean fhuar fhliuch mar é, a bhféadfainn?" 🔊
← Beidh mé ábalta an sorn nua sa a cheannach as." 🔊✎
← Cathain, munar mhiste dom a fhiafraí?" 🔊
← "Níl ann ach obair shealadach, ionadaíocht a dhéanamh di faid a bheidh sí san ospidéal chun an leanbh a bheith aici, agus ina dhiaidh san. 🔊✎
← Ní déarfainn gur é a cúram é, ní mhór dóibh síceolaí a bheith acu i mbun na jaib mar sin. 🔊✎
← D'fhéadfaidís a rá go raibh tí ceathrúna de mhná na tíre sásta sona, ná féadfaidís, ach féach a ndúradar Ach sé a gcúramsan an páipéar a dhíol, agus ní haon nath le héinne an té atá sona, sásta. 🔊
← Chuirfinnse a thuilleadh leo. 🔊✎
← "Sa nós san a bhí acu, nuair a cailltí an fear, a bhean chéile a dhó ina theannta. 🔊✎
← Tá gá le bean chun leanaí a chur ar an saol agus iad a thógaint, agus nuair a bhíd tógtha agus bailithe leo, tá gá léi fós chun bheith ag tindeáil ar an bhfear. 🔊
← "Ach cad a mheasann tú is ceart a dhéanamh?" 🔊✎
← 'Dheas liom rud éigin a bheith le léamh agam nuair ná geibhim an páipéar le léamh, agus nuair ná fuil éinne agam a labhródh liom. 🔊✎
← Ní théann aon leanbh thar dheich mí agus a dhícheall a dhéanamh... 🔊✎